Sasana
Londain
Na Cluichí Oilimpeacha
Bhí na Cluichí Oilimpeacha ar siúl i Londain sa bhliain 2012. Is féidir eolas a fháil ar an dá nasc thíos.
Legoland®
Is féidir cuairt a thabhairt ar Legoland® nuair atá tú i Sasana. Féach na pictiúir thíos de cuid de na rudaí atá le feiceáil ann. Is féidir rudaí eile a fheiceáil má leanann tú an nasc thíos.
Is féidir rudaí iontacha a dhéanamh le Lego® ar nós na múnlaí thíos a rinne Cian & Liam Ó Conghaile.
Músaem Stair an Dúlra
Na Folcadáin Phoiblí - Bath
Nuair a tháinig na Rómhánaigh trasna ar an bhfuarán seo ní fhéadfadh siad é a chreidiúnt. Bhí uisce te ag teacht aníos as an talamh. Cheap siad gurbh iad na déithe a bhí ag téamh an t-uisce agus mar sin thóg siad teampaill in aice leis an bhfuarán. Chaith daoine go leor rudaí isteach sa bhfuarán mar íobairt don bhandia - Sulis Minerva. Chaith daoine áirithe airgead agus seoda isteach. Chuir daoine eile mallachtaí ar an uisce. Séard a bhí anseo ná teachtaireachtaí scríofa ar phíosaí luaidhe.
Thaisteal daoine ó chuile choirnéal d’Impireacht na Róimhe le cuairt a thabhairt ar na folcadáin phoiblí a tógadh ann. Bhí go leor linn agus seomraí allais ann ina raibh na daoine uaisle in ann iad féin a ní agus é a thógáil go réídh. Bhí teocht difriúil ar an uisce i chuile linn. Foirgneamh ollmhór a bhí ann.