An Phortaingéil
Lisbon
Azulejos
Tá tíleanna áilne gorma agus bána le feiceál ar ful na Portaingéile. Úsáideadh na tíleanna seo le tithe, séipéil, scairdeáin, staighrí & rl. a mhaisiú.
Expo '98
Bhí Expo ’98 i Lisbon ó Bealtaine go Meán Fómhair 1998. Ghlac 130 tír páirt san Expo agus bhí na milliúin cuairteoirí ann.
Ballet
Chuaigh Tarlach le ballet a fheiceáil i Teatro Nacional Dona Maria II. Feicfidh tú físeáin thíos den ballet Copélia a chonaic sé.
http://www.youtube.com/watch?v=RMVcbKIvqJU
Pauliteiros
Damhsa traidisiúnta ón bPortaingéil atá á dhéanamh ag na Pauliteiros.
http://www.youtube.com/watch?v=DoQuYePHF0c
Uisceadóir Portaingéalach
Is madra an-neamh gnáthach é seo. Breathnaíonn sé cosúil le púdal ach tá cosa cosúil le crúba lachan (webbed feet) aige. Tá sé iontach ag snámh agus ag tumadh. Fadó thug siad cúnamh do na h-iascairí ag déanamh gach cinéal post dóibh: threoraigh siad éisc i dtreo na h-eangacha, thug siad teachtaireachtaí ó bhád go bád, tharraing siad eangacha briste ar ais go dtí na báid & rl. |
Scéal

Cliceáil ar an bpictiúr le scéal a léamh.
Fatima
Ar an 13ú Bealtaine 1917, chonaic triúr gasúir ó Fatima, Lúcia, Francisco agus Jacinta Muire. Labhair Muire le Lúcia agus d’iarr sí orthu teacht ar ais ar an 13ú de gach mhí don chéad sé mhí eile. Lean daoine go dtí an spota iad agus de réir a chéile mhéadaigh an slua. Ar an 13ú Deireadh Fómhair tharla míorúilt. Tháinig soilse láidre ón ngrian agus leigheasadh cuid de na h-othair a bhí i láthair. Tógadh basilica ar an spota sin agus téann na sluaite ann chuile bhliain.