An Chróit
Tá an Chróit i ndeiscirt na hEorapa. Tá sí suite ar an Mhuir Aidriad. Tá teorainn aici leis an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeirbia, an tSlóivéin agus Montainéagró. Is Ságrab príomhchathair na tíre. Chomh maith le Crótaigh tá Seirbiaigh, Boisniaigh agus Seicigh sa tír.
|
Dubrovnic
Leis na céadta bliain chosain sean bhallaí Dubrovnic an baile ach le linn an cogadh cathartha (1991-1995) san Iúglaiv déanadh go leor damáiste don bhaile. Réabadh na ballaí, na foirginimh, na díonta agus na cosáin. Dódh cuid de na páláis. Nuair a bhí an cogadh thart shocraigh na h-údaráis caoi a chur ar an mbaile. Bhí orthu na mílte tíleanna a ordú le caoi a chur ar na díonta. Bhí orthu aol-chloch a ordú le caoi a chur ar na cosáin, na ballaí agus na foirginimh. Is féidir grianghraif a fheiceáil de Dubrovnic thíos.

Cheannaigh Tarlach an cuimhneachán seo le thabhairt dá mháthair.
Korčula
Marco Polo & Korčula

Deirtear gur rugadh an taiscéalaí, Marco Polo, i Korčula i lár an triú céad déag. Níl a fhios ag duine ar bith in ndáirire cén áit ar rugadh é. Bhí sé an-cháiliúil mar scríobadh leabhar faoi na h-éachtaí uilig a rinne sé. Ceannaithe ab ea a athair agus a uncail agus thug siad Marco leo go dtí an tSín nuair a bhí sé sé bliana déag d’aois. Chuaigh siad ar cuairt chuig Kublai Khan. Thug sé trí bliana orthu pálás Kublaí Khan a shroichint. Chuir an t-Impire fáilte rompu. Deirtear gur chaith sé beagnach scór (20) bliain sa tSín agus go ndeachaigh sé freisin go dtí an tSeapáin agus Zanzibar. Scríobh a chara, Rusticello, leabhar faoi na h-eachtraí uilig ar ar glaodh Cur Síos ar an Domhan.
Damhsa na Claimhte
Déantar an damhsa seo i Korčula. Insíonn sé scéal dhá rí - an rí bán agus an rí dubh. D’fhuadaigh an rí dubh banphrionsa a bhí i ngrá leis an rí bán. Dhiúltaigh sé í a scaoileadh saor agus thosaigh an dá airm ag troid. Faoi dheireadh bhuaigh airm an rí bháin agus shábháil siad an banphrionsa. Is féidir an damhsa a fheiceáil sa bhíseáin thíos.
http://www.youtube.com/watch?v=143TMDFUJsA&feature=related
Ston

Tá salann á shábháilt i Ston ó am na Rómhánaigh. Luíonn an t-uisce sáile i linnte, téann teas na gréine an t-uisce agus de réir a chéile déantar gal de. Séard atá fágtha ann ná salann.