Stair na hÉireann
Gaillimh

Rinne Tarlach tionscnamh ar Ghaillimh don scoil. Cliceáil ar an bpictiúr le léamh faoi.
An Chré-umhaois
Dún sa Chré-umhaois
Tógadh dún ar bharr cnoic. Tógadh balla mór cloiche mórthimpeall air. Ba feirmeoirí na daoine a bhí ina gcónaí sna tithe seo. Bhíodh na páirceanna taobh amuigh den bhalla ach choinnigh siad na ba agus muca taobh istigh den bhalla ar eagla go ngoidfí iad. Taobh istigh den balla mór cloiche tógadh teach cloice cruinn. Ansin cuireadh ceann tuí orthu. Fágadh poll sa díon le go mbeadh an deatach ón tine in ann éalú. Bhí uaimh thalún faoin dún. D'úsáid na daoine an uaimh thalún le bia a stóráil mar go raibh an teocht mar a chéile an bhliain ar fad. Uaireannta usáideadh mar bhealach éalaithe as an dún é seo freisin.

Crannóg
Tógadh crannóga ar locha. Séard a bhí i gcrannóg ná teach cré-umhaoise. Thóg na daoine oileán coircealach ar loch. Rinne siad le craobhacha agus clocha é. Ansin clúdaigh siad le láib nó gaineamh é lena dhéanamh cothrom. Rinne siad claí de chuaillí adhmaid a cuireadh timpeall an oileáin agus tógadh na tithe taobh istigh den chlaí. Rinne siad ballaí na dtithe le cliath agus láib. Shníomh siad cliath le chéile agus chlúdaigh siad le láib é. Ansin cuireadh ceann tuí orthu. Fágadh poll sa díon le go mbeadh an deatach ón tine in ann éalú. Cuireadh clocha faoin uisce le cosán a dhéanamh amach go dtí an crannóg. Cuireadh iad i bhfiarlán (zig-zag) ón mbruach go dtí an chrannóg é le go mbeadh suíomh na clocha faoi rún. D’airigh na daoine ar an oileán go mbeadh sé seo níos sábháilte.

An Fulacht Fia

Séard a bhí sa fullacht fia ná bealach le feol a róstadh. Is poll mór sa talamh a bhí ann. Lasadh tine mór agus cuireadh clocha ann len iad a théamh. Nuair a bhí siad te caitheadh isteach san uisce iad leis an t-uisce a théamh. Filleadh tuí thart ar an bhfeol agus ceanglaíodh le súgán é. Cuireadh an beart feola san uisce fiuchta agus fágadh ann é ag bruith. Cuireadh tuilleadh clocha ann ó am go ham len é a choinneáil te. Tar éis cúpla uair a chloig bhí an feol réidh agus bhí féasta acu.
An Luath-Eaglais

De réir a chéile d’iompaigh muintir na hÉireann ar an gCríostaíocht. Déanadh manaigh de go leor fir agus chaith siad a saol i mainistreacha ar fud na tíre. Bhí mainistir ag Naomh Pádraig in Ard Mhacha agus dearnadh lár ionad na hEaglaise in Éirinn di. Bunaíodh scoileanna in aice leis na mainistreacha. Thaisteal daoine ó thar lear fiú le foghlaim iontu. D’fhan na micléin i mbotháin a thógadar féin. Bhí gach cinéal rud á mhúineadh ag na manaigh do na daoine. Mhúin siad dóibh conas an talamh a shaothrú. Bhí manaigh eile ag scríobh agus ag maisiú leabhair ar nós Leabhar Cheanannais atá i gColáiste na Trionóide anois.
Bhí bia agus lóistín le fáil ag lucht taistil sna mainistreacha freisin. Thug na manaigh cúnamh do na bochtáin agus daoine a bhí tinn chomh maith.
Chuaigh cuid de na manaigh go ceantracha iarghúlta le go bhféadfadh siad a gcuid ama a chaitheam ag guí agus ag freastal ar Dhia.
Tógadh mainistreach ar Sceilg Mhichíl áit a bhí lom fuar an bhliain ar fad. Tá mainistreacha cáiliúla le feiceáil ar fud na tíre fós. Bhunaigh Naomh Ciarán mainistir Chluain Mhic Nóis agus bhunaigh Naomh Caoimhín mainistir i nGleann dá Loch.
Naomh Breandán
Rugadh Naomh Breandán thart ar 484 A.D. I lámhscríbhínn de chuid an 9ú aois dúradh go ndeachaigh Naomh Breandán go Meirceá i mbád. Déanadh cur síos ar an turas sa lámhscríbhínn. I 1976 shocraigh Tim Severin bád leathar a thógáil ar nós ceann Naomh Breandán agus é a sheoladh go Meirceá ag leannacht an turas céanna. Stop siad in Aráinn, Dún na nGall, Inse Ghall, Faró agus san Íoslainn. Tá an bád anois i gCraggaunowen i gContae an Chláir.
Scríobh Tim Severin leabhar faoin turas: http://www.timseverin.net/
Déanadh scanán faoin turas. Is féidir cuid de a fheiceáil ach cliceáil ar an nasc seo: http://www.youtube.com/watch?v=wB2EsZhzVtE
Chum Shaun Davey píosa ceol ar ar tugadh The Brendan Voyage. Seo Ceolfhoireann Náisiúnta Óige na hÉireann ag casadh an 10ú gluaiseacht: http://www.youtube.com/watch?v=0Z-3OKzUEDw&feature=relmfu
Na Lochlannaigh

Ba foghlaithe fíochmhara iad na Lochlannaigh. D’ionsaigh siad na mainistreacha ionas go ngoidfidís na h-ornáidí óir agus airgid a bhí iontu. Thóg na manaigh na tithe cloiche agus bhailigh siad na rudaí luachmhara isteach iontu chun iad a stóráil in áit shábháilte. Túir arda, chruinne, chaola a bhí sna tithe cloiche seo. Bhí an doras trí nó cheithre mhéadar ón talamh. An chúis a bhí leis seo ná go mbeadh na manaigh in ann dreapadh suas dréimire agus an dréimire a tharraingt isteach sa túr ina ndiaidh. D’fhan siad ansin go dtí go raibh sé sábháilte an túr a fhágáil arís. Is féidir na cloigthithe seo a fheiceáil i mainistreacha ar nós Cluain Mhic Nóis.
Is féidir go leor rudaí simiúla a fhoghlaim faoi na Lochlannaigh i Eureka: http://www.cogg.ie/StudentMaterials/includes/documents/Eureka%204.1%20Irish.pdf
Na Normannaigh
B’é Diarmaid Mac Murchú - Rí Laighean, ba chúis le teacht na Normannach go hÉirinn. Bhí go leor náimhde aige mar gheall ar na drochghníomhartha a rinne sé. Bhain an tArd-Rí, Ruairí Ó Conchubhair, a ríocht de mar phionós.
Chuaigh sé go dtí an Bhreatain le cúnamh a fháil ó na Tiarnaí Normannacha. Mhol siad dó labhairt le Anraí II. Bhí Anraí sa Fhrainc ag an am. Chuaigh Diarmaid le labhairt leis. Thug Anraí cead dó ridirí Normannacha a fháil i Sasana le cúnamh a thabhairt dó an ríocht a fháil ar ais. Tháinig Riobeard Mac Stiofáin agus slua de shaighdiúirí i dtír i Loch Garman.
Ansin tháinig Réamann le Gros le arm mór eile. Tamall ina dhiaidh sin tháinig Richar de Clare, nó Strongbow, mar a b’fhearr aithne air. Ghabh siad Port Láirge. Thug Diarmaid a iníon, Aoife, le pósadh do Strongbow agus gheall sé dó go mbeadh sé ina rí ar Laighean tar éis a bháis.
Faoin bhliain 1250 bhí trí ceathrú den tír faoi smacht na Normannaigh. Thóg siad caisleáin mhóra timpeall na tíre. Bhí an suíomh inár tógadh na caisleáin an-thábhachtach. Phioc siad suíomh a d’fhéadfaí a chosaint go h-éasca fiú dá mbeadh siad faoi léigear. Go minic tógadh na caisleáin in aice le abhainn nó an fharraige. Déanadh as adhmad ar dtús iad agus ansin as cloch. D’fhás bailte móra timpeall ar na caisleáin.
http://en.wikipedia.org/wiki/File:Marriage_of_strongbow_and_aoife.jpg
Is féidir go leor a fhoghlaim faoin bpictiúr seo ar suíomh an nGealairí Náisiúnta
http://www.nationalgallery.ie/Conservation/Strongbow_and_Aoife/The_Painting/Hidden_Secrets.aspx
http://onlinecollection.nationalgallery.ie/view/objects/asitem/169/25/sortNumber-asc?t:state:flow=42b4cc5e-d055-4a94-8df5-1b7619605194

Caisleáin
Tá go leor caisleáin le feiceáil ar fud na tíre. Thóg na Normannaigh agus taoisigh Gaelacha iad. Is féidir cuairt a thabhairt orthu.
Baile Átha Cliath

Chuaigh Tarlach ar cuairt chuig Baile Átha Cliath. Bhí go leor rudaí le feiceáil. D'fhoghlaim sé go leor faoi stair Bhaile Átha Cliath. Cliceáil ar an bpictiúr le tuilleadh a fhoghlaim.
An Gorta Mór
Bhí cónaí ar ghnáth daoine i dtithe mar seo.
An Gorta Mór

Sa bhliain 1845 bhí ós cionn ocht milliún daoine ina gcónaí in Éirinn. Bhí cruithneacht, coirce agus eorna á fhás a tír. Bhí caora agus ba ag na feirmeoirí chomh maith. Ach bhí an bia seo uilig á dhíol thar lear. Bhí na gnáthdaoine ag brath go h-iomlán ar na fataí agus nuair a tháinig an dúchan ar na fataí ní raibh tada len ithe acu. Cé go raibh na daoine ag fáil bháis den ocras is beag a rinne an rialtas le cúnamh a thabhairt dóibh. Sa bhliain 1846 theip ar na fataí arís. Ní raibh tada le n-ithe ag na daoine. Tharla an rud céanna an bhliain dar gcionn. Mar gheall ar go raibh stiúgtha scaip galair. Bhásaigh na mílte. Bhí an oiread sin daoine ag fáil bháis go raibh orthu a lán corpán a chur in aon uaigh amháin. Theith na mílte thar lear freisin. Thaisteal siad i seanlonga lofa. Glaodh “cónra-longa” orthu mar go bhfuair an oiread acu bás ar an turas. Ag bun Chruach Phádraig tá dealbh mar chuimhneachán ar na daoine bochta a bhásaigh le linn an Ghorta Mhóir.
Má bhreathnaíonn tú ar na grianghraif thíos feicfidh tú na h-iomairí fataí a chuir na daoine ar na sléibhte mar nach raibh áit ar bith eile acu le na gcur.
Jeanie Johnston
Chuaigh Tarlach leis an Jeanie Johnston a fheiceáil nuair a bhí sé i nGaillimh. Déanadh athchóiriú ar an mbád le taispeáint do dhaoine cén sort saoil a bhí ag na daoine bochta a thaisteal ar bhád mar seo go Meiriceá. http://www.jeaniejohnston.ie/
Tá breis eolas le fáil ar an suíomh gréasáin thíos:
http://www.cobhheritage.com/index2.html
Tá breis eolas le fáil ar an suíomh gréasáin thíos:
http://www.cobhheritage.com/index2.html