Scéalta
An tSeapáin

D’inis Satomi an scéal seo dom. Cheap mé go raibh sé an-chosúil le scéal Oisín i dTír na nÓg. Seo anois an scéal agaibh….
Fadó, fadó i mbaile beag in aice leis an bhfarraige bhí fear ina chónaí lena mháthair. Urashima Taro a b’ainm dó. Lá amháin chuaigh sé síos chuig an trá. Bhí buachaillí ar an trá ag crá turtair.
“Eist léi, éist léi”, a bheic Urashima Taro leis na buachaillí.
Ruaig sé na buachaillí. Thug sé an turtar síos chuig an bhfarraige agus d’fhan sé go dtí go raibh an turtar slán sábhailte amuigh sa chuan.
An lá dar gcionn chuaigh Urashima Taro ag iascaireacht. Go tobann chonaic sé an turtar ag snámh in aice leis an mbád. Bhí an-ionadh air. Labhair an turtar leis.
“Shábháil tú mé inné”, arsa an turtar. “ Tá mé thar a bheith buíoch díot agus ba mhaith liom é a chur in iúl. Ba mhaith liom thú a thabhairt chuig Rin Gin, Pálás Dragún na Farraige.”
Cheap Urashima Taro go mbeadh sé seo go h-iontach mar go raibh sé i bhfad i gcéin faoin bhfarraige. Léim sé as an mbád agus dhreap sé ar dhroim an turtair. Thom an turtar síos go bun na farraige.
Tar éis tamaill, chonaic siad caisléan mór. Bhí sé clúdaithe le h-ór agus le h-airgead agus le seoda. D’iarr an turtar ar iasc a bhí ina gharda ar an bpálas chuile rud a thaispeáint do Urashima Taro. Thuirling Urashima Taro de dhroim an turtair. Tháinig go leor iasc le fáilte a chur roimhe chuig an bpálas. Ansin chonaic sé cailín iontach dathúil ag siúl ina threo. Bhí éadaí áilne uirthi agus seoda gleoite.
“Fáilte chuig Rin Gin”, arsa an cailín. “Is mise iníon rí na farraige. Otohime Sama is ainm dom.”
Thug sí Urashima Taro léi isteach sa phálás, áit a raibh féasta mór blasta leagtha amach ar na boird. D’ith sé agus d’ól sé a chuid.
“Is ban-phrionsa mé. Shábháil tú mé inné mar ba mise an turtar a bhí ar an trá”, arsa Otohime Sama.
“Is tusa an turtar?” arsa Urashima Taro agus ionadh air.
“Is mé”, arsa Otohime Sama. “ Ba mhaith liom thú a phósadh anois. Ba mhaith liom go bhfanfadh tú anseo liom go deo”.
“Pósfaidh mé cínnte”, arsa Urashima Taro.
Bhí Urashima Taro iontach sásta sa phálás leis an mbanphrionsa. Rinne sé dearmad ar chuile shórt ina bhaile bheag. Chaith sé trí lá sa phálas ag breathnú ar na rudaí áilne a bhí le feicéail ann.
Ach ansin d’éirigh sé buartha faoina mháthair. Bheadh sí an-bhuartha faoi mar go raibh sé ar iarraidh ar feadh trí lá. Labhair sé le Otohime Sama faoi. Dúirt sé léi go raibh sé ag iarraidh dul abhaile le chuile dhuine a fheiceáil. Bhí an-bhrón ar Otohime Sama. Nuair a bhí sé ag fágáil thug Otohime Sama bosca dó.
“Ná h-oscail an bosca seo riamh ach coinnigh in áit sábháilte é”, arsa Otohime Sama. “Má osclaíonn tú é tarlóidh rud úafasach duit.”
Gheall Urashima Taro nach n-osclódh sé an bosca riamh. D’fhág sé slán leis an mbanphrionsa.
Thug turtar ar ais chuig an trá é. Nuair a tháinig sé ar ais chuig an mbaile beag shiúil sé thart ach níor aithin sé duine ar bith. Bhí an áit uilig athraithe. Chuaigh sé abhaile chuig a theach fhéin ach bhí cuma an-aisteach ar an teach. Bhí mearbhall air. Bhuail sé le seanfhear agus d’fhiafraigh sé de cá raibh teach Urashima Taro. Dúirt an seanfhear leis go mbíodh fear sa mbaile ar an ainm sin nuair a bhí a sheanathair fhéin óg ach go ndeachaigh sé ag iascaireacht lá amháin agus nár tháinig sé abhaile riamh. Bhí an teach imithe leis na céadta bliain agus bhí a mháthair agus a chuid cairde uilig básaithe mar go raibh sé 300 bliain ón lá go ndeachaigh Urashima Taro ar iarraidh.
Ní raibh a fhios ag Urashima Taro céard le déanamh. Bhí sé croíbhriste. Bhí an baile uilig athraithe agus bhí a chairde agus a mháthair marbh. Níos measa fós, ní raibh bealach ar bith aige filleadh ar an bpálás faoin bhfarraige.
Shuigh Urashima Taro ar an trá ag súil go dtiocfadh an turtar ar ais ach níor tháinig. Bhí Urashima Taro an-bhuartha. Sa deireadh d’oscail sé an bosca cé gur gheall sé do Otohime Sama nach n-osclódh sé riamh é. Nuair a d’oscail sé é, tháinig deatach bán amach as. Taobh istigh de chúpla soicind bhí Urashima Taro in a sheanfhear. Fuair sé bás ar an trá ina aonair. Bhí sé ós cionn 300 bliain d’aois.
Albain

Fadó, fadó bhí rí ann darbh ainm Conchúr Mac Neasa. Lá amháin rugadh cailín beag álainn do bhean sa mbaile. Tugadh Deirdre mar ainm uirthi. Nuair a chonaic an draoi í dúirt sé go bhfaighfeadh na mílte bás mar gheall uirthi. Mhol sé do Chonchúr í a mharú ach dhiúltaigh sé. Thóg sé teach i gcoill i bhfad ón mbaile agus chuir sé Deirdre ann. Dúirt sé le seanbhean aire a thabhairt di go dtí go mbeadh sí sách sean le go bpósfadh sé í.
Nuair a d’fhás Deirdre suas bhí sí ina bhean óg álainn. Lá amháin bhí sí ag breathnú amach an fhuinneog ar an sneachta. Chonaic sí fuil ar an sneachta. Bhí fiach dubh ag ól an fhuil.
“Nuair a thitfidh mé i ngrá is le fear a bhfuil craiceann chomh bán le sneachta, leicne chomh dearg le fuil agus gruaig chomh dubh leis an bhfiach dubh air?
“Tá aithne agamsa ar fhear mar sin,” a dúirt an t-seanbhean. “Naoise is ainm dó.”
Chuir Deirdre fios ar Naoise agus nuair a chonaic siad a chéile thit an bheirt i ngrá. Phós siad. Bhí a fhios acu go mbeadh Conchúr spréachta. D’éalaigh siad go hAlbainn. Chuaigh deartháireacha Naoise, Ainle agus Ardán, in éindí leo. Thóg siad teach dóibh fhéin i nGleann Éite ach nuair a chuala rí na hAlbainn cé chomh álainn is a bhí Deirdre bhí sé ag iarraidh í a phósadh. Bhí orthu éalú arís.
Nuair a chuala Conchur faoin bpósadh bhí sé oibrithe. D’impigh cairde Naoise air cead a thabhairt dóibh filleadh go hÉireann mar go raibh siad uaigneach in Albainn. Faoi dheireadh thug sé cead dóibh filleadh ach nuair a chonaic Conchúr cé chomh sásta is a bhí an bheirt d’éirigh sé an-olc. Dúirt sé leis na saighdiúirí Naoise a mharú agus Deirdre a thabhairt ar ais chuige. Mharaigh na saighdiúirí Naoise, Ailne agus Ardán. D’fhuadaigh siad Deirdre ach ar an mbealach ar ais go dtí an chaisleán léim sí den carbad agus maraíodh í.
An Bhreatain Bheag

Fadó, fadó bhí rí ann darbh ainm Llywelyn. Bhí cú mór láidir aige darbh ainm Gelert. Lá amháin chuaigh Llywelyn amach ag fiach. Nuair a tháinig sé abhaile chuaigh sé isteach lena mhac óg a fheiceáil. Bhí an seomra ina phraiseach. Bhí cliabhán an pháiste caite bun ós cionn agus bhí an cú – Gelert - ina shuí in aice leis. Bhí sé clúdaithe le fuil. Cheap Llywelyn go raibh Gelert tar éis an páiste a mharú. Sháigh sé lena chlaíomh é agus mharaigh sé é. Go tobann chuala sé páiste ag caoineadh. Thosaigh sé ag cuardach an t-seomra. Fuair sé an páiste istigh faoin gcliabhán. Is ansin a chonaic sé an mac tíre mór sa gcoirnéal. Thuig sé ansin go raibh Gelert tar éis an páiste a chosaint. Bhí an-bhrón air. Rinne sé uaigh do Ghelert taobh amuigh den chaisleán agus chuir sé carn clocha ar a bharr le go mbeadh a fhios ag gach duine cár cuireadh an cú.
An Chóiré

Fadó, fadó bhí rí sa Chóiré go raibh lámhbhró an-neamhghnáthach aige. Dhéanfadh sé rud ar bith a bhí uaidh. D’fhéadfadh sé ór, síoda, airgead, rís nó aon rud eile a dhéanamh. Chuala gadaí faoin lámhbhró seo agus shocraigh sé é a ghoid. Bhí a fhios aige go mbeadh plean an-chliste ag teastáil uaidh.
Chuimhnigh sé agus chuimhnigh sé. Faoi dheireadh shocraigh sé ar phlean. Cheannaigh sé éadaí galánta agus thug sé cuairt ar an gcaisleán. Thosaigh sé ag labhairt leis na daoine móra le rá a bhí ag obair sa chaisleán. D’inis sé dó go raibh gach duine ag magadh fúthu. Dúirt sé leo go raibh sé cloiste acu go raibh an rí buartha faoin lámhbhró agus go raibh sé curtha i bhfolach aige. Dúirt siad leis an ngadaí nach raibh sé sin fíor agus thaispeáin siad dó cá raibh an lámhbhró. D’imigh sé leis go breá sásta leis féin.
Cúpla oíche níos déanaí dhreap sé ballaí an chaisleáin agus ghoid sé an lámhbhró. D’éalaigh sé leis síos go dtí an chéibh agus ghoid sé bád. Bhí sé breá sásta leis fhéin. In áit airgead nó ór a iarraidh shocraigh sé ar shalann. Bhí sé ar intinn aige é a dhíol agus neart airgid a fháil. D’iarr sé ar an lámhbhró salann a dhéanamh. Thosaigh an bád ag líonadh le salann. Tháinig faitíos air ansin. Ní raibh a fhios aige conas an lámhbhró a stopadh. Faoi dheireadh bhí an bád lán le salann agus chuaigh sé go tóin poill. Tá an lámhbhró fós ag bun na farraige ag déanamh salainn. Sin é an fáth go bhfuil blas an t-salainn ar uisce na farraige.
Cliceáil ar suíomh COGG le tuilleadh a fhoghlaim:
http://www.cogg.ie/downloads/Eureka%203.20%20irish.pdf
An Fhrainc

Chuala Tarlach an scéal seo ón Fhrainc: Jeanne d’Arc Rugadh Jeanne i mbaile beag darbh ainm Arc. Bhí cogadh ar siúl idir an Fhrainc agus Sasana ag an am. Lean an cogadh ar aghaidh céad bliain. Bhí na daoine tuirseach den troid agus bhí an tír briste bánaithe.
Lá amháin chuala Jeanne glór ag caint léi. Dúradh léi dul i gceannas ar arm na Fraince. Bhí an-ionadh uirthi mar nach raibh sí ach dhá-bhliain déag d’aois. “Scéal ó Dhia é seo mar sin caithfidh mé gach a bhfuil Sé ag iarraidh orm a dhéanamh,” a dúirt sí léi féin.
Bhí rí na Fraince marbh agus bhí a mhac - an Dauphin le bheith ina rí. Dúirt an glór léi rí a dhéanamh den Dauphin mar go raibh faitíos ar na daoine é a dhéanamh. Nuair a chuaigh sí go dtí an cuairt ríoga d’imir an Dauphin cleas uirthi le fáil amach an mbeadh sí in ann é a aimsiú. Chuaigh sé i bhfolach sa slua ach d’aimsigh Jeanne é gan stró ar bith. Dúirt sí leis go raibh Dia tar éis a rá léi cúnamh a thabhairt dó.
Nuair a bhí sí sé bliana déag d’aois cuireadh i gceannas airm na Fraince í. Chaith sí culaith armúir agus claoímh. Bhí sí an-chróga agus thug sí misneach do na saighdiúirí. Chreid siad go mbeadh an bua acu ar na Sasanaigh. Nuair a d’ionsaí na Sasanaigh Orléans chuaigh Jeanne agus an t-airm leis na daoine a chosaint. Theip ar na Sasanaigh. Chuaigh siad ansin go Rheims agus thógadar ar ais ó na Sasanaigh é. Bronnadh coróin na Fraince ar an Dauphin agus déanadh rí na Fraince de. Bhí an bua faighte ag na Francaigh ar na Sasanaigh.
Ach tharla droch rud ansin. Ghabh grúpa Francaigh Jeanne agus dhíoladar leis na Sasanaigh í. Bhíodar ag iarraidh muintir na Fraince a chur in aghaidh Jeanne. Chuir siad ina leith gurbh bhandraoi í. Tugadh Jeanne ós comhair cúirt speisialta agus shocraigh siad go raibh sí le dó. Níor chabhraigh aon duine léi. Bhí dearmad déanta acu uilig ar an méid a bhí déanta aici don Fhrainc. Is naomh í Jeanne anois. Níorbh bandraoí ar chor ar bith í.
An Ghearmáin

Fadó, fadó thaisteal ceoltóirí ó áit go háit le airgead a shaothrú. Seo scéal faoi duine de na ceoltóirí seo a bhí an-cháiliúil sa nGearmáin - Píobaire Hamlin.
Lá amháin tháinig an ceoltóir seo trasna ar bhaile beag darbh ainm Hamlin. Bhí an baile suite in aice le abhainn mór leathan. Bhí tithe áille cloiche sa mbaile agus bhí neart airgid ag na daoine ón trádáil a rinne siad leis na bailte eile ar an abhainn ach bhí fadhb mór amháin acu. Bhí an baile lán le francaigh. Rinne an maor iarracht le fáil réidh leis na francaigh ach níor éirigh leis. Gheall sé go dtabharfadh sé duais ollmhór d’aon duine a bhí in ann fáil réidh leis na francaigh.
Chuaigh an píobaire le labhairt leis. D’inis sé dó go gcasfadh sé ceol agus go meallfadh sé na francaigh isteach san abhainn. Thosaigh an píobaire ag obair ar an bpoinnte. Chas sé fonn álainn agus lean na francaigh go dtí an abhainn é, áit gur léim siad isteach agus bádh iad.
Bhí áthas an domhain ar na daoine ach nuair a chuaigh an píobaire ar ais go dtí an maor dhiúltaigh sé é a íoc. Bhí an píobaire an-olc. Thosaigh sé ag casadh fonn difriúil. Lean na gasúir timpeall an bhaile é. Lean siad amach as an mbaile é agus suas go sliabh mór. Chas an píobaire fonn difriúil agus d’oscail an sliabh. Chuaigh na gasúir uilig isteach sa bpluais agus nuair a bhíodar uilig istigh ann dhún an sliabh arís. Ach bhí buachaill beag amháin nach raibh sách sciopaithe mar go raibh sé bacach. Bhí sé ag iarraidh dul in éindí leis na gasúir eile ach ní raibh sé in ann agus bhí air casadh thart agus dul abhaile arís. D’inis sé do na daoine fásta céard a bhí tar éis tarlú agus bhí an-bhrón ar an maor ansin nár íoc sé an píobaire mar ar gheall sé dó.
An Ghréig

Capall Adhmaid na Traí
Fadó, fadó bhí rí sa nGréig darbh ainm Menelaus. Bhí a bhean, Héilin, an-dathúil agus nuair a chonaic mac rí na Traí – Páras - í thit sé in ngrá léi. Thug sé leis abhaile í go Traí. Bhí Menelaus oibrithe agus mhionaigh sé go maródh sé Páras agus go dtabharfadh sé Héilin ar ais go dtí an Ghréig arís.
Chruinnigh Menelaus arm mhór mhílteach. Sheol siad transa na farraige go Traí lena hionsaí ach nuair a thuirling siad de na báid chonaic siad ballaí móra láidre na cathrach. Bhí a fhios acu nach bhféadfadh siad na ballaí a leagan. Rinne siad iarracht na geataí móra a leagan ach theip orthu. Dhreap siad na ballaí ach theip orthu. Chuir siad an cathair faoi léigear ach bhí neart beatha agus uisce ag muintir Traí. Lean an cogadh ar aghaidh agus ar aghaidh. Faoi dheireadh smaoinigh duine de na Gréagaigh ar phlean. Rinne na Gréigigh capall mór adhmaid a raibh bolg folamh ann. Chuaigh saighdiúirí i bhfolach ann. D’fhág na Gréigigh an capall taobh amuigh de gheataí Traí agus lig an chuid eile díobh orthu go raibh siad ag dul abhaile. Cheap muintir an bhaile go raibh na Gréigigh imithe agus gur íobairt a bhí anseo do na déithe. Tharraing siad isteach an capall. Bhí féasta mór acu an oíche sin ag ceiliúradh deireadh an léigir. Nuair a bhí gach duine ina gcodladh d’éalaigh na saighdiúirí amach agus d’oscail siad na geataí. Scaoil siad isteach na saighdiúirí eile. Chuir siad an chathair trí thine agus mharaigh siad na daoine. Thug siad Héilin abhaile go dtí an Ghréig.
An Indinéis

Fadó, fadó ar oileán Bali bhí lánúin phósta. Bhí an-bhrón orthu mar nach raibh aon pháistí acu. Thosaigh siad ag guí go mbeadh páiste acu. Faoi dheireadh rugadh buachaill dóibh. Glaodh Kebo Iwa air. Theastaigh neart beatha uaidh mar bhí ocras air an t-am ar fad. D’éirigh sé níos mó agus níos mó agus faoi dheireadh bhí sé ina fhatach. Thug sé cúnamh do mhuintir an bhaile ballaí a thógáil agus toibreacha a thochailt.
Bhí faitíos ar aon duine an t-oileán a ionsaí mar bhí a fhios acu go mbeadh Kebo Iwa ann leis an áit a chosaint. Bhí an rí ar oileán Java ag iarraidh Bali a ionsaí ach bhí faitíos air. Faoi dheireadh chuimhnigh sé ar phlean. Chuir sé scéala chuig Kebo Iwa ag lorg cúnamh. D’inis sé dó nach raibh a ndóthain toibreacha ar oileán Java. D’iarr sé air cúnamh a thabhairt do na daoine tuilleadh toibreacha a thochailt. Bhí Kebo Iwa lán t-sásta cúnamh a thabhairt agus d’imigh leis i mbád go Java. Chaith sé an lá ar fad ag tochailt. Bhí poll mór millteach déanta aige. Dúirt an rí leis na saighdiúirí clocha a chaitheamh anuas ar Kebo Iwa le nach mbeadh sé in ann éalú. Bhí sé i bhfostú ansin agus ghabh an rí Bali mar ní raibh aon duine ann leis an oileán a chosaint níos mó.
An Phortaingéil

Fadó bhí oilithreach ar a bhealach go Santiago de Compostela sa Spáinn. Ar an mbealach tríd Barcelos cuireadh ina leith gur ghoid sé rud éigin. Dúirt sé leis an mbreitheamh go raibh sé neamhchiontach ach níor chreid an breitheamh é. Bhí an breitheamh ar tí coileach róstaithe á ithe.
“Seasfaidh an coileach róstaithe sin suas agus glaoighfidh sé le cruthú go bhfuil mé neamhchiontach,” a bhéic an príosúnach.
Nuair a tharla an mhíorúilt bhí ar an mbreitheamh an príosúnach a scaoileadh soar. Is féidir an coileach seo a fheiceáil ar fud na h-áite.
Cheannaigh Tarlach go leor cuimhneacháin (souvenir) an fhad is a bhí sé sa Phortaingéil. Bhí coileach ar go leor acu i gcuimhne scéal an choiligh/coileach Barcelos.
An Téaváin

Fadó, fadó bhí sealgairí amuigh ag fiach. Chonaic siad fia bán. Lean siad an fia trasna aibhneacha agus trasna sléibhte go dtí gur tháinig siad go loch mór álainn. Bhí an t-uisce chomh glan go raibh siad in ann bun an locha a fheiceáil. Bhí sé lán d’éisc. Rinne siad eangacha agus rug siad ar na h-éisc. Bhí siad an-bhlasta. Shocraigh siad fanacht ansin as sin amach agus tá a muintir ann ó shin.
Málta

“Calypso is ainm dom. Tá cónaí orm sa bpluais thuas ansin. Tar in éindí liom.” Thug sí suas chuig an bpluais é agus bhí béile álainn acu. “Má fhanann tú in éindí liom ní bhfaighfidh tú bás go deo,” arsa Calypso. D’fhan Ulysses ar an oileán seacht mbliana agus bhí an bheirt an-shásta ach bhí Ulysses ag iarraidh dul abhaile chuig a bhean agus a mhac. Bhí an-bhrón ar Calypso ach thug sí cúnamh dó rafta a dhéanamh. Rinne Ulysses an rafta agus rinne sise na seolta. Faoi dheireadh bhí an rafta déanta agus bhí Ulysses ar bís le n-imeacht. D’fhág sé slán le Calypso agus d’imigh sé leis.
Deirtear gur Gozo an t-ainm a bhí ar an oileán ar a raibh cónaí ar Calypso agus gur ansin a chaith Ulysses seacht mbliana.
Oileán Mhanann

Ba duine den Tuatha de Danann é Manannán Mac Lir. B’é Tiarna na Farraige Manannán. Bhí draíocht ag Manannán agus bhí sé in ann ceo a dhéanamh le Oileán Mhanann a chosaint. Bhí capall bán aige a bhí in ann sodar ar an bhfarraige. Bhí long draíochta aige freisin a bhí in ann taisteal trasna na farraige gan seol ná maide rámha ar bith. Bhí pálás ag Manannán ar Oileán Mhanann. Deirtear go raibh trí chos faoi agus is uaidh sin a tháinig an siombal ar brat Oileán Mhanainn.
Poblacht na Seice

Fadó, fadó bhí Giúdach darbh ainm Rabbi Judah Loew ina chónaí i bPrág. Ag an am bhí go leor ionsaithe á dhéanamh ar na Giúdaigh agus bhí faitíos orthu. Shocraigh Rabbi Loew fathach a dhéanamh darbh ainm Golem. Rinne sé é as cré ó bhruach an Vltava é agus trí “orthu” (paidir speisialta) a rá san Eabhrais a bhí beocht ann.
Chosain an Golem na daoine ach de réir a chéile d’fhás sé agus faoi dheireadh bhí sé ró-dheacair é a choinneáil faoi smacht. Gheall an Rabbi go bhfaighfeadh sé réidh leis dá mba rud é gur stop an foréigean in aghaidh na nGiúdach.
Sasana

Fadó, fadó bhí buachaill ann darbh ainm Dick Whittington. Bhí sé an-bhocht agus shocraigh sé dul go Londain le saighreas a dhéanamh. Bhí Londain an-mhór agus salach. Níor éirigh le Dick bocht aon obair a fháil. Bhí sé tuirseach traochta. Shuigh sé síos ar chéimeanna teach mór galánta. Thit sé ina chodladh. Bhí ceannaí saibhir ina chónaí sa teach. Thug sé post do Dick. Bhí ar Dick codladh sa chistin ach ní fhéadfadh sé codladh mar go raibh na francaigh ag rith ar fud na háite. Fuair Dick cat. Rug an cat greim ar na francaigh agus mharaigh sé iad agus bhí Dick bocht in ann codladh ansin.
Lá amháin chuireadh fios ar na searbhóntaí uilig sa teach. Dúradh leo go bhféadfadh siad rud amháin le díol a sheoladh go tíortha i bhfad i gcéin. Ní raibh tada ag Dick ach amháin an chat agus sheol sé é sin.
Nuair a thuirling na mairnéalaigh i dtír i bhfad i gcéin cuireadh fáilte rompu. Bhí féasta mór ag an rí ach chomh luath agus ar cuireadh amach an bheatha rith na francaigh amach agus d’ith siad uilig é. Thairig captaen na loinge an cat a dhíol leis an rí. Bhí an rí ar bís. Thug sé ór agus airgead don chaptaein. Nuair a tháinig an captaen ar ais go Londain thug sé cuairt ar Dick. Thug sé na maoin do Dick. Bhí áthas an domhain ar Dick. Nuair a d’fhás Dick suas bhí sé ina mhaor ar Londain.
Éire
