Ag Taisteal le Tarlach

Ócáidí Speisialta

Féile Leabhar na bPáistí 2010

Picture



Bhí Laoise Ní Chomhraí ag glacadh páirt i Féile Leabhar na nGasúir arís i mbliana. Bhí an féile ar siúl le linn mí Dheireadh Fómhair. Thug sí cuairt ar Co. na Mí, Ciarraí agus ar Ceatharlach.

Is féidir breis eolais a fháil faoin bhféile ar an suíomh idirlíon:

http://www.childrensbooksireland.com/content/view/160/191/

Bhí go leor imeachtaí ar siúl ar fud na tíre. Is féidir eolas a fháil faoi céard atá ar siúl le linn Féile Leabhar na nGasúir má leanann tú an nasc seo:

http://www.childrensbooksireland.com/index.php?option=com_jcalpro&Itemid=240&date=2008-10-01

Seachtain na Gaeilge 2010

Picture
Ar Dé hAoine 12 Márta, ag 11:00am, thug Laoise Ní Chomhraí cuairt ar na páistí ó Ghaelscoil An Ghoirt Alainn i Siopa Liam Ruiseal, 49 Sráid Oilibhéir Pluincéid , Corcaigh, chun píosaí a léamh ón leabhar atá scríofa aici, Ag Taisteal le Tarlach sa Pholainn.

Is féidir breis eolais a fháil faoin bhféile ar an suíomh idirlíon:

http://snag.ie/lang/gd-ie/2010/02/09/seisiun-leitheoireachta-do-phaisti-le-lebhar-powerchildrens-reading-event-with-leabhar-power/

Beidh go leor imeachtaí ar siúl ar fud na tíre. Is féidir eolas a fháil faoi céard atá ar siúl le linn Seachtain na Gaeilge má leanann tú an nasc seo:

http://www.snag.ie

Seoladh - 2009

Picture
Seoladh an leabhar Ag Taisteal le Tarlach sa Pholainn i Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua ar an Déardaoin an 10ú Nollaig, 2009. Bhí an halla lán go doras. Thaitin an oíche go mór le gach duine. Sheol Máire Phetir Uí Dhroighneáin, ó Ros na Rún, an leabhar agus mhol sí go h-ard é. Chas sí amhrán nua-chumtha fiú amháin.

Léigh gasúir as an scoil giotaí as an leabhar agus labhair an t-údar, Laoise Ní Chomhraí, faoin saol sa Pholainn. Bhí taispeántas éadaí, babóga, leabhair, airgead agus stampaí ón Pholainn le feiceáil ar an oíche. Bhí an-suim ag gach duine sna griangrafanna. Eagraíodh comórtas ealaíne bunaithe ar an leabhar. Bhí ballaí an halla brataithe le pictiúir ildaite na ngasúr agus bhronn Máire Phetir duaiseanna ar na buaiteoirí. Fuair gach duine seans abhlanna traidisiúnta a bhlaiseadh. An-ócáid a bhí ann.

Cliceáil ar an bpictiúr le tuilleadh grianghraif a fheiceáil.

Informacja

Picture

Bhí ócáid eile againn i Músaem Cathrach na Gaillimhe ar an Satharn, 12ú Nollaig. Léigh an t-údar, Laoise Ní Chomhraí, giotaí ón leabhar agus labhair sí faoi na nósanna deasa atá sa bPolainn agus labhair na gasúir Polaineacha a bhí i láthair faoi na nósanna Nollag.
Bhí taispeántas bábóga, leabhair, maisiúcáin agus seoda ón Pholainn le feiceáil agus d'éist gach duine le amhráin Nollag. 
 
W drugiej części serii śledzimy losy Tarlacha w czasie jego podróży do Polski wraz z jego przyjacielem, Adasiem. Dwóch przyjaciół zamierza spędzić święta Bożego Narodzenia w Polsce, pojechać na narty i zwiedzić najciekawsze miejsca. Tarlach musi sobie poradzić zarówno z zawiłościami języka polskiego jak i narodowym potrawami, co dostarcza masy rozrywki jego polskim przyjaciołom! Jest to pięknie ilustrowana opowieść dla czytelników w wieku od 6 do 10 lat.
 

Laoise Ní Chomhraí jest nauczycielem szkoły podstawowej w hrabstwie Galway. Przez piec lat podróżowała po świecie, pracując w krajach, m.in. w Japonii, Polsce, Australii i Nowej Zelandii. Obecnie Laosie pracuje nad swoja trzecią książka, której akcja odbywa się Maroko. 

Comórtas Ealaíne: Irishleabhar Mhaigh Cuilinn/Moycullen Matter
Meitheamh 2009

Picture

Na Buaiteoirí:


Picture

























Ciara Faherty


Picture

























Róisín Ní Cheallacháin

Féile Leabhar na bPáistí 2008

 

Bhí Laoise Ní Chomhraí ag glacadh páirt i Féile Leabhar na nGasúir arís i mbliana. Bhí an féile ar siúl le linn mí Dheireadh Fómhair.

Is féidir breis eolais a fháil faoin bhféile ar an suíomh idirlíon:

http://www.childrensbooksireland.com/content/view/160/191/

Bhí go leor imeachtaí ar siúl ar fud na tíre. Is féidir eolas a fháil faoi céard atá ar siúl le linn Féile Leabhar na nGasúir má leanann tú an nasc seo:

http://www.childrensbooksireland.com/index.php?option=com_jcalpro&Itemid=240&date=2008-10-01








Oíche an Chultúir

Bhí Scríbhneoirí Óga agus Úra na Gaeilge agus The Oscar Wilde Centre for Irish Writing ag glacadh páirt in Oíche an Chultúir. Bhí sé ar siúl i Seomra Comhdhála Leabharlann Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath ar an 19ú Meán Fómhair. Bhí Laoise Ní Chomhraí, Ailbhe Ní Ghearbhaigh, Catríona Ní Chléirchín, Eithne Ní Ghallchobhair, Majella McDonnell, Meadhbh Ní Eadhra, Prionsias Mac a'Bhaird, Ríona Nic Congáil, Ruth Nic Giolla Iasachta, Scott de Buitléir, Philip St. John, Mary Turley-McGrath, Phyl Herbert, Carnnen Cullen, Viv McDade, Andrew Fox agus Emily Firetog ag léamh ar an oíche.
                                     
www.culturenight.ie


Comhdháil i mBaile Átha Cliath 2008

Bhí an t-údar, Laoise Ní Chomhraí, ag léamh i leabharlann Sráid an Phiarsaigh ar an Satharn, 24ú Bealtaine @ 12:00 mar chuid de Comhdháil "Children's Books Ireland". Tuilleadh eolais faoi obair Children's Books Ireland le fáil ón suíomh thíos.

www.childrensbooksireland.ie

Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath 2008

Bhí an t-údar, Laoise Ní Chomhraí, ag léamh in éineacht le Ríona Nic Congáil agus Eithne Ní Ghallchobhair i Hall na Cathrach mar chuid de Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó na suíomh thíos.

www.dublinbookfestival.com

http://scribhneoirioga.blogspot.com/



Seachtain na Gaeilge 2008

Bhí an t-údar, Laoise Ní Chomhraí, ag léamh sa Book Nest i Sligeach ar an Déardaoin, 6ú Márta mar chuid de Seachtain na Gaeilge.

http://www.leabharpower.com/events.html






Turas na Leabharlann 2007


Bhí an t-údar, Laoise Ní Chomhrai ag léamh sa Spidéal agus in Átha Luain mar chuid de Turas na Leabharlann 2007 faoi choimirce CLÉ.

Féile Leabhar na bPáistí 2007

Cuairt ar an Leabharlann Aoine gheal ghrianmhar thug Ranganna 3A, 4A, 5A agus 6A cuairt ar leabharlann álainn nua Léim an Bhradáin, áit ar bhuaileadar leis an údar Laoise Ní Chomhraí. Labhair Laoise faoina leabhar nua-fhoilsithe "Ag Taisteal le Tarlach sa tSeapáin".

Thaitin an cuairt seo go mór leis na páistí. Thug caint Laoise léargas dóibh ar chultúr na Seapáine, ar a gcuid nósanna, ar an mbia a itheann siad, na héadaí a chaitheann siad agus ar go leor leor eile. Bronnadh 6 chóip den leabhar ar an scoil. Seo é an méid a bhí le rá ag roinnt pháistí i Rang a 4:

"D'fhoghlaim mé a lán rudaí faoin tSeapáin nach raibh a fhios agam faoin tír."
– Darragh Ó Nualláin

"Is leabhar den scoth é 'Ag taisteal le Tarlach sa tSeapáin'."
– Ádhamh Rosaitéar

"Ba mhaith dul go dtí an tSeapain tar éis dom an leabhar a léamh."
– Lára Ní Bhriain

The children from 3A, 4A, 5A and 6A visited the new Leixlip Library where they met the author Laoise Ní Chomhraí, who spoke to them about her new book on visiting Japan. They learned a lot from Laoise about Japan, its culture and its way of life. The school received six copies of the book and some of the children from Rang a 4 made very favourable comments about it.

http://www.scoilchearbhaill.com/nuacht_03.html

An tÚdar ag léamh

Seo an t-údar, Laoise Ní Chomhraí, ag léamh i siopa leabhar Charlie Byrnes i nGaillimh.


Seoladh Ag Taisteal le Tarlach sa tSeapáin

Seoladh an leabhar Ag Taisteal le Tarlach, Sa t-Seapáin i Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua ar an gCéadaoin an 25ú Aibreán, 2007. Bhí an halla lán go doras. Thaitin an oíche go mór le gach duine. Sheol Joe Steve Ó Neachtain, ó Ros na Rún, an leabhar agus mhol sé go h-ard é. Labhair sé faoi comóradh 50 bliain na scoile. Bhí an slua sna tríthí ag gáire faoina chuid scéalta.  

Léigh gasúir as an scoil giotaí as an leabhar agus labhair an t-údar, Laoise Ní Chomhraí, faoin saol sa t-Seapáin. Bhí taispeántas éadaí, babóga, leabhair, airgead agus stampaí ón t-Seapáin le feiceáil ar an oíche. Bhí an-suim ag gach duine sna griangrafanna de na féilte. Eagraíodh comórtas ealaíne bunaithe ar an leabhar. Bhí ballaí an halla brataithe le pictiúir ildaite na ngasúr agus bhronn Joe Steve duaiseanna ar na buaiteoirí. Ní raibh leisce ar dhaoine bia na Seapáine a thriail agus thaitin sé go mór leo. An-ócáid a bhí ann.

Cliceáil ar an ngrianghraf le tuilleadh grianghraif a fheiceáil.

Pictiúr le Aengus Mc Mahon

http://www.mcmphoto.com